Sour Milk

Bainne Géar.

Na focail lácha a d’éalaigh
as a béal binn, stop
siad áit éigin eadrainn

chuir siad feisteas uafáis orthu féin
fiacla fada ina mbéil a d’fhéadfadh
craiceann is feoil a stróiceadh

clócaí dorcha thar a nguaillí
gúnaí dubha, aghaidheanna gan súile
gan bheola, gan cumas acu gáire

a dhéanamh, lámha críonna
le méara fada liatha
lámha le sceana in airde

an méid sin crúb ag na focail
iad thar chomhaireamh-
bainne géar ina gcíocha.

Visit Us On FacebookVisit Us On Google Plus