Fothraigh

Téim siar sa stair

ag lorg eolais faoi chéard a thit amach

i ré éigin eile

am a athchruthú arís i bhfothraigh;

seanphort a chasadh

seanrince a dhéanamh.

Inné thug mé cuairt ar theach m’athar,

ach fothrach déanta as a chraiceann

is é féin faoin bhfód a bhí ann romham

fothrach eile le ceardú as a chreatlach.

Leave a comment

Visit Us On FacebookVisit Us On Google Plus