Inár Measc

Scríobhaim idir línte nach ann dóibh

ar imeall leathanach bán

i lár leabhair nár foilsíodh

is airím go bhfuilim i measc cairde

sa tír thaibhsiúil seo ina mhairim

ár laochra neamhbheo inár dtimpeall,

daoine eile ar m’aithne

sna sráidbhailte taobh liom,

ag seinm ceoil gan uirlisí

ag cumadh focal

i dteanga chasta a d’éag

i mílaois éigin eile.

Leave a comment

Visit Us On FacebookVisit Us On Google Plus