Oíche ar Árainn

An samhradh caite

héis ocht n-oíche ar Árainn,

báisteach throm ag titim,

na madraí bána

lasmuigh den chúldoras

mar a bheadh brat sneachta

i lár mí Mheithimh.

Bhí neart sa ghaoth

a d’éirigh ar maidin,

caint ar dhrochbhaill

ar ochtar fear

bhí ag ragairne i rith na hoíche

as deisceart Chonamara.

Chuir siad olc orm féin aréir

is mé amuigh faoi na cnoic

ag long ionsparáide; ag déanamh

macnaimh ar chosúlachtaí:

an dúiche seo is dúiche Mhaigh Eo.

Visit Us On FacebookVisit Us On Google Plus